Teagmháil / Contact
E-phost: aingealtoibin@gmail.com

Liam Mac Cionnaith,
Cisteoir na Daonscoile,
Móin Minit,
Cathair Chinn Lis,
Co. Luimní

Cruinniú Cinn Bliana 2024
Beidh Cruinniú Cinn Bliana 2024 ar siúl i gColáiste na Rinne, Dún Garbhán, ar an Satharn 25 Bealtaine seo chugainn, ag tosú ag 2 i.n. Tá fáilte roimh chách.
Annual General Meeting 2024
The Annual General Meeting for 2024 will take place in Coláiste na Rinne, Dungarvan, on Saturday, the 25th of May next, beginning at 2 p.m. All are welcome.

Daonscoil na Mumhan Cúrsa Gaeilge - 2024

Beidh Daonscoil na Mumhan 2024 ar siúl ón 11 go dtí an 16 Lúnasa seo chughainn. “Deoraithe na nDéise” a bheidh mar théama againn i mbliana. Tuilleadh eolais ag teacht.
Daonscoil na Mumhan 2024 will take place from the 11th to the 16th of August next. This year’s theme will be “Déise Exiles”. More information will follow.


Public Transport

Daonscoil

Payment Details
ACCOUNT NAME/AINM AN CHUNTAIS: Daonscoil na Mumhan
IBAN: IE47 AIBK 9354 7606 3030 53
BIC: AIBKIE2D

Unfortunately we do not offer the option of payment by card. Is oth linn a rá nach bhfuil córas íocaíochta le cártaí ar fail.

Cuspóir agus Fealsúnacht
Bunaíodh Daonscoil na Mumhan mar sheachtain chaidrimh agus oideachais do dhaoine fásta a labraíonn an Ghaeilge - seacht lá ina shnaidhmfí forbairt chultúrtha agus foghlaim, cairdeas agus canadh, ceol agus cadráil, éisteacht le malairt tuairime agus lorg fios fátha. Sos é freisin ó thiaráil na bliana fada, saoire in aice na farraige.

Bíonn fís na hÉireann athGhaelaithe mar chúlra don Daonscoil agus déantar talamh slán de gur rí-thábhachtach don náisiún ár dteanga féin a bheith á labhairt.

Aims and History
The Munster Folk School was established in 1953 as an educational week for adults mostly. The educational methods used ensure a most enjoyable week is had by all - lectures, debates, symposia, classes for all levels of Irish language competence, poetry reading, recitals, recitation and poetry writing, art classes, a variety of games, swimming, hill walking, bus tours, music, choral singing and more.

A vision of Ireland where the Irish language flourishes imbues everything we do at the Daonscoil. As is obvious, all aspects of Irish culture are encouraged.

Stair na Daonscoile
I 1952 mhol Pádraig Ó hÍceadha, feirmeoir óg ó Dhúthalla, gur chóir tionól seachtaine do Ghaeilgeoirí a eagrú gach bliain. Ghlac Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge leis an moladh seo agus deineadh amhlaidh.

Le comhoibriú ón bhFear Mór, Bainisteoir Choláiste na Rinne sna Déise, bhí an chéad tionól sa Rinn. Agus is i gColáiste na Rinne a tionóladh gach Daonscoil ó shin i leith. Níor tugadh "Daonscoil" ar an ócáid go ceann tamaill agus ní bhíodh aon téama faoi leith don tseachtain sna blianta tosaigh. Ní ba dhéanaí socraíodh ar théama a roghnú don scoil. Mar shampla ba é téama 2002 "Caoga Bliain faoi Bhláth".

Lean Pádraig Ó hÍceadha mar Stiúrthóir na Daonscoile ó 1953 go 1999. Tá Pádraig Ó Dálaigh ina Chisteoir ó 1958 i leith. Bhí a lán daoine eile, leis, a chaith a ndúthracht leis an tionsnamh.

Ó 1996 i leith bíonn Daonscoil an Fhómhair i nGuagán Barra, in Iarthar Chorcaí. Deireadh seachtaine i Mí Dheireadh Fómhair a roghnaítear don ócáid seo.

Seoladh leabhar cuimhní in ómós do Phádraig Ó hÍceadha sa Rinn i 2002.

History of the Daonscoil
Since its inception in 1953 at the suggestion of a young farmer, Pádraig Ó hÍceadha, the Daonscoil has been held at Coláiste na Rinne (Ring College) in County Waterford. In later years, a debate and discussion theme has been set each year. In 2002, for example, to celebrate the Daonscoil's 50th Anniversary, the theme was "Caoga Bliain Faoi Bhláth".

An additional autumn Folk School has also been held since 1996 in Guagán Barra in County Cork. It, too, has a special theme.

Payment Details
ACCOUNT NAME/AINM AN CHUNTAIS: Daonscoil na Mumhan
IBAN: IE47 AIBK 9354 7606 3030 53
BIC: AIBKIE2D

Unfortunately we do not offer the option of payment by card. Is oth linn a rá nach bhfuil córas íocaíochta le cártaí ar fail.